School: Meall an tSrutháin (roll number 2117)

Location:
Maulatrahane, Co. Cork
Teacher:
Dll. Ó Luasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0299, Page 017

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0299, Page 017

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Meall an tSrutháin
  2. XML Page 017
  3. XML “Mícheál Chormaic Ó Súilleabháin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. "Mícheál Chormaic" a thugann na seandaoine air i gcoithinn. Do rugadh é tímcheall na bliana 1800 A.D. i bparóisde Cill-Mhac-Abaidh (cuid de pharóiste na Léime, fé láthair) agus do shíolruigh sé ó'n dtreibh uasal Uíbh Súilleabháin do tháinig don cheanntar so ó Chluain Mheala am éigin taréis teacht na Normánach go h-Éirinn. Deirtear gubh fheirmeoir neamh-spleadhach athair Chormaich. Tá áit a bheirthe timcheall sé mhíle soir-ó-thuaidh de Sciobairín. Is iomdha gaolta gairid le Mícheál a chomhnuigheann sa cheanntair so fós.
    Cáit Nic Iarlhlaithe dob' ainm dá mháthair agus Cormac Ó'Súilleabháin dob' ainm d'á athair. I mBaile-Reidhrí is eadh a bhí cómhnuidhe ortha an t-am do phósadar nó go gairid 'na dhiaidh sin. As Doire Loga a tháinig Cáit Nic Iarlfhlaithe ámhthach. Tá an sloinne go flúirseach i nDoire-Loga go fóil. B'é Mícheál an céad duine clainne a bhí aca agus beirt eile a bhí aca ina dhiaidh: mac eile agus inghean. Pádraig ab ainm de'n mhac agus Máire de'n inghean. Do cailleadh máthair Mhichíl agus é ana óg. Agus do réir deallraimh is é rud a thárlaidh annsan ná gur chuaidh Mícheál go dtí muinntir a mháthar go Doire Loga (i bparóiste Sgiobairín) agus do chaith sé an chuid eile dá shaoil
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Collector
    Domhnall Seosamh Ó Luasaigh
    Gender
    Male