School: Meall an tSrutháin (roll number 2117)
- Location:
- Maulatrahane, Co. Cork
- Teacher: Dll. Ó Luasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Na bacaigh do bhí ann fadó bhíodar ana mhacánta agus do bhí deifrígheacht mór eadorta agus na lucht siubhal atá ann anois. Do thógfadh siad gach rud a thabharfá dóibh. Do chaith siad ceathar nó cúig de [?] ins gach mbaile agus ní bhíodh aon deithineas ortha ag imtheacht. Annsan nuair a thiocfadh an oidhche d'fhanadh siad ins an tig deireanach do bhíodar nó in aon tig ba mhaith leo fanamhaint ann i gcóír na h-oidhche. "Fill a Bag" a ghlaodhach siad ar cheann aca agus "Bata Mhadra" ar cheann eile. Do bhí duine eile ann agus do bhí sé dall agus an tig ina mbeadh sé b'éigean do dhuine de lucht an tighe sin é do thionnlacan go dtí tig eile. Do chaith sé seachtmhain ag gabháil tríd i gCuilleanaig agus nuair a bhí sé ag fágáilt bhí sé ana shásta agus dubhairt sé leis an bpáiste a bhí a thionnlachan -
Tríd i gCuilleanaig a ghluaiseas is suairc a bhíodar mná[?] liom. Fuaireas mo dhóthain bídh 's díghe ann.
'S fuighleach díobh fhágas. Mar bineann is na mizers ná bhfaighin ach dhá phráta. Go Lois Lochrraig atá uaim dul go dtí gcúmhlacht breagh grádhmhar. Tá mná tíghe gan gruaim ann. 'S suairc iad do ráidhte. Bíonn a dteachtaire go h-umhal aca.(continues on next page)- Collector
- Maighréad Breathnach
- Gender
- Female