Scoil: Scoil N. Mocomóg
- Suíomh:
- Cappaboy More, Co. Cork
- Múinteoir: Seán Ó Macháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
- XML Leathanach 261
- XML “An Chuach”
- XML “Scéál na Bó i gCum na Feola”
- XML “Scéal Púca Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An chuachDanúighean féin aruinn
Ar labhart an chuac im'chúl
Ar dheiscint an giorrfíadh sa drucht
Na beadh an bhliáin sin ([lom?] laóna) liom lóom. - Scéal na bó i gCum na FeólaDo bhí Mícheál, Díarmuid, agus Cáit Ní Súilleabháin ag teacht abhaile ón aonach a bhí i mBeanntráighe caogadh blíain o shion. Bhí an grían ag brath ar dul fé. Tamall roimhe sin bhí bó aca sa bhaile agus bhí sí breoithe tamall, agus tar éis bháis. Nuair a bhíodar ag teacht go dtí droichead snáimh chonnachadar an bhó a fuair bás cúpla cúpla lá roimhe sin agus í ag rith go mear. Do léim na fir amach on dtruachail chun cosg a chur leí ach do theip ortha glan. Annsan chuadar abhaile agus d'innsigheadar an scéal dos na daoine eile. An oidhche sin nuair a bhí sé ag crúdh na mbó, chonnachadar an bhó airís. D'fhán an ghamhain acu ar feadh tamaill fada. Maidin áirithe nuair a dhúisigheadar bhí an gamhain imtithghe uatha, agus chuarduigheadar gach áit ach mo léir ní fuaradar taisc ná tuairsg mar gheall uirthi go dtí an lá seo.
- Scéal púca eileTá lán scéalta againn mar gheall ar na púcaí a bhí ann fadó ach bhfearr liom ná aon scéal aca ceann a d'innis mo mháthair dom i dtaoibh púca a bhí i [gCaolinaigh?] i n-aice Beul-Atha-an-Ghaorthaidh. Do thuit sé amac nuair a bhí mo shean-mháthair na cailín óg. Tháinig sé i mí na Samhna 1804 agus lean sé am go mí na Márta. Sórt caoine a bhí aige agus tosnuigheadh.(leanann ar an chéad leathanach eile)