School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí fear ann tímpeall céad bliain ó shoin agus ní raibh puinn airgead in-aon-chor aige ach an méid is a choimeádadh beó é.
Do bhí sé pósta le bean dar ab'ainim Máire agus ní thabharfhadh sí sin aon airgead in-aon-chor do. Oidhche amháin do tháinig bó breágh ramhar chuige chun a thig. Do chuaidh an fear bocht amach agus do chuir sé an bhó isteach sa cró agus do choimead sé í istig sa chró ar feadh trí seachtmhaine.
Ansan do thóg sé go dtí an t-aonach í agus do dhíol sé í le fear saidhbhir agus do fuair sé deich bpúint uirthe.
Do bhí sé ana shásta ansan nuair a fuair sé an t-airgead.(continues on next page)