School: Réidhleán (Measctha), Áth an Chóiste

Location:
Rylane, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Buachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0343, Page 201

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0343, Page 201

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Réidhleán (Measctha), Áth an Chóiste
  2. XML Page 201
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Lá áirithe d'imthig beirt garsún ag piocadh cnó. Mála amháin a bhí eatortha. Nuair bhí sé lán chuadar abhaile. Tháinig siad go roilig a's chuadar isteach inti, mar bhí sí ana cúin cun na cnó do roinnt. Bhí poll 'san mála a's thuit dá ceann amach sar a chuadar isteach.
    Bhí sin go maith a's thosnuig an roinnt mar seo "Tógfad é seo" "Tógfad é seo" gachre uair. Sa deire tháinig bean 's chuala sí an cainnt. D'fhan sí ag geata na roilige. Bhuail sgannradh dí a's rith sí. Bhuail sí le fear eile, a's dubhairt leis go raibh Dia agus an Diabhal ag áireamh ann. Níor chreid sé í agus chuaidh an bheirt suas arís ag éisteacht leis an cainnt. - "Tógfad é seo" go dtí go rabhadar tuirseach. Sa deire stadadar. "Anois" arsa duine de'n mbeirt istig "tá gach rud atá againn annso taréis roinnt" Teighmís amach anois, a's faghaimís an dá ceann atá lasmuigh de'n roilig. Sgiúrd an bhean a's an fear síos an bóthar comh luath agus chuala siad na focail sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Informant
    Bean Uí Rioghardáin
    Gender
    Female
    Age
    75
    Address
    Rylane, Co. Cork