School: Cúil Aodha (roll number 16521)
- Location:
- Cúil Aodha, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúil Aodha
- XML Page 290
- XML “Bia”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí beagán té ann ach ní óladh na daoine í.Dubhairt duine éigin
"Ní dearguidhtí an ciotal ach dhá uair sa tseachtmhain. Bhíodh steampí agus bruthóga acu am bainte na bprátaí. Sé an cuma na ndeintí an steampí ná na prátaí do lomadh a dtúis. Deintí iad do ghrátáil annsan agus iad d'fhásgadh istig i n-éadach. Cúirtí plúr agus gráinne beag salainn ann leis. Deintí é d'fhuinneadh agus do leathnúghadh amach ar lic ós cómhair na teineadh go mbíodh crústa ar. Sé an cuma na ndeintí an bhruthóg ná teine a dhéanamh amuigh sa gharraidhe agus na prátaí do chaitheamh isteach ann.Deintí an mhinchoirce do mheilt sa bhaile an uair úd. Deintí cístí de agus biadh ar a dtugaidís maist. Bheireadh na daoine an maist leó nuair a bhídís ag dul ar thuras. Is amhlaidh a gheibhdís báisín mine coirce cupán siúcre agus cupán ime. Deinidís é d'fhuinneadh agus dheinidís císte de. Nuair a dheinidís min coirce a criathradh bhíodh rud fágtha ar a dtugtí boighre. Deintí é bheirbhiúghadh agus d'ithe.- Informant
- Dómhnall Bán Ó Céilleachair
- Gender
- Male
- Age
- 69
- Occupation
- Feirmeoir beag
- Address
- Cúil Aodha, Co. Cork