Scoil: Cúil Aodha (uimhir rolla 16521)

Suíomh:
Cúil Aodha, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 290

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 290

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cúil Aodha
  2. XML Leathanach 290
  3. XML “Bia”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí beagán té ann ach ní óladh na daoine í.
    Dubhairt duine éigin
    "Ní dearguidhtí an ciotal ach dhá uair sa tseachtmhain. Bhíodh steampí agus bruthóga acu am bainte na bprátaí. Sé an cuma na ndeintí an steampí ná na prátaí do lomadh a dtúis. Deintí iad do ghrátáil annsan agus iad d'fhásgadh istig i n-éadach. Cúirtí plúr agus gráinne beag salainn ann leis. Deintí é d'fhuinneadh agus do leathnúghadh amach ar lic ós cómhair na teineadh go mbíodh crústa ar. Sé an cuma na ndeintí an bhruthóg ná teine a dhéanamh amuigh sa gharraidhe agus na prátaí do chaitheamh isteach ann.
    Deintí an mhinchoirce do mheilt sa bhaile an uair úd. Deintí cístí de agus biadh ar a dtugaidís maist. Bheireadh na daoine an maist leó nuair a bhídís ag dul ar thuras. Is amhlaidh a gheibhdís báisín mine coirce cupán siúcre agus cupán ime. Deinidís é d'fhuinneadh agus dheinidís císte de. Nuair a dheinidís min coirce a criathradh bhíodh rud fágtha ar a dtugtí boighre. Deintí é bheirbhiúghadh agus d'ithe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Dómhnall Bán Ó Céilleachair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    69
    Gairm bheatha
    Feirmeoir beag (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cúil Aodha, Co. Chorcaí