School: Cúil Aodha (roll number 16521)
- Location:
- Cúil Aodha, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúil Aodha
- XML Page 296
- XML “Doineann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tímceall seasgad bliadhain ó shoin bhí tuille mhór annso i gCúil-Aodha. Sa tSamhradh a bhí sí ann agus níor dhein sí puinn díoghbhála. Do bhí daoine ag peith muca ó Mhaghchromdha go Neidín. Do bheiridís cuid acu i gcrib agus chomáinidhís an cuid eile. Nuair a bhíodh a méid a bhíodh ag siubhal corta chuiridís sa crib iad agus thógaidís amach an cuid eile. Bhi ana spórt ag muinntir na parróiste ag feachaint ar na mucaibh ag snámh sa tuille. Bhí aon chullach mhór amhaín ann agus chuaidh sé síos san ínse. Do rith fear mór 'na dhiaidh agus uisge go crománaibh ar. Cheapadar ná feicfí an cullach a thuille ach snáimh sé thar n-ais arís.
Bhí sneachta mór ann geall leis céad bliadhain ó shoin. Bhí sé morán troighthe ar dhoimhneas. Tháinig sioc anáirde ar agus nhí capaill agus turcaillí ábalta ar shiubhal ar gan dul síos tríd. Sneachta séidain a bheadh é agus bhí gach aon póirse lan agus tháinig sneachta isteach trí pholl na h-eochrach ina lán tighthe. Bí caoire amuigh ar a gcnoc agus nuair a chludaig an sneacht iad dheineadar seómraí dóibh féin fé'n dtalamh(continues on next page)- Informant
- Dómhnall Bán Ó Céilleachair
- Gender
- Male
- Age
- 69
- Occupation
- Feirmeoir beag
- Address
- Cúil Aodha, Co. Cork