School: Cúil Aodha (roll number 16521)
- Location:
- Cúil Aodha, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúil Aodha
- XML Page 297
- XML “Doineann”
- XML “Tithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí seomra fé leith ag gach caoire agus dhein a h-anál rimné amach ar. D'fhan an sneachta sin ar an dtalamh ar feadh trí mhí.
- TIghthe beaga ann tuighe a bhíodh ann fadó. Ní raibh aon tig slinne i mBaile-Mhúirne ceithre fichid bliadhain ó shoin. Is ar égin a bhíodh aon tig 'na aonar. Da ghnathach leó trí mu ceithre tighthe a bheith i ngach clós.
Ní bhíodh aon lochta ar na tighthe cinn tuighe mar bhíodar ró íseal. Is minic a bhíodh poinne saileacha caithte crosta an tíghe agus cliath déanta de slata caithte crosta ortha mar shagas lochtaig. Cuití prátaí anáirde ar rá geimhpead agus do chodhluigheadh daoine anáirde ar i pé leabaidh le linn gádheair.
Ní bhíodh ins na tighthe ach fuinneóga beaga. Bhíodar cluthmar compórdach dá gcoimeádfaí i n-órdú ceart iad agus stop a chur leis an mbraon anuas. Bhíodh cliath ar an ndoras leis ar a dtugtí sgalpán.
Bhíodh na capaill agus na cearca istig agus nuair a bhíodh na daoine na raibg aon tairbhe ins na capaill ó cuireadh amach iad.- Informant
- Dómhnall Bán Ó Céilleachair
- Gender
- Male
- Age
- 69
- Occupation
- Feirmeoir beag
- Address
- Cúil Aodha, Co. Cork