School: Cúil Aodha (roll number 16521)
- Location:
- Cúil Aodha, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúil Aodha
- XML Page 298
- XML “Seanamhrán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanamhrán
“Thiar ag bun na leacan ta an bheóir is féarr ar thalamh”
Bhí siúnéir ar na Milíní. Seán Cnámhach ab'ainim do. Bhí ana-dhúil sa'n ólachán aige. Lá agus é ar meisge thuit sé a chodladh sa chúinne agus do thuit a hata agus a úirlisí isteach sa teine agus do dóghadh iad. Dhein táilliuir Cromhail na bhéarsaí seo mar gheall ar:
"Thiar ag bun na leacan tá an beóir is feárr ar thalamh
Ar téighean Seán Cnámhach ghá blaiseadh go h-árd mhinic go léir
Na h-uaisle thíghean ó'n gcathair 'san charráiste fútha go greanta
I n-aghaidh gach cáirt go ndein siad blaiseadh chun fághail dóibh mar thréith
A's dá bhfaghadh Silmore a blaiseadh ní fhaghfad braon sa bottle
A's is úmhal do raghadh do'n leabaidh le fáinne an lae
-
Is dubhach atáim le sealad ó chuala tásg an hata
A dóghadh ag Beárna an gheata ar an gceardaidh glan séimh
Bhí lán istigh 'na wallet d'úirlis dhaor ó'n gcathair
A's níor fhan díobh súd gan lasadh ach an plána a's an square(continues on next page)- Informant
- Dómhnall Bán Ó Céilleachair
- Gender
- Male
- Age
- 69
- Occupation
- Feirmeoir beag
- Address
- Cúil Aodha, Co. Cork