School: Cúil Aodha (roll number 16521)
- Location:
- Cúil Aodha, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúil Aodha
- XML Page 302
- XML “Maighréad Ní Néill”
- XML “Paidreacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Maighréad Ní Néill
Bhí sí ‘na chómhnuidhe i mbothán na bfrocs ar feadh tamaill. Bhíodh sí ag díol tobac. Thugadh sí cromadh de thobac caol ar phingin agus bhi sé d’ainm uirthe go raibhsí ana ghann sa tomhas. Do dhein file gurbh ainim do Diarmuid Ó Duinnín an bhéarsa so mar gheall uirthe
“Óig bhean ghlic de chine Dhordain Uí Néill
Mo cómhairle dein anois is ná tóg orm é
Do chómharsa cuir fé chion mar d’órduig Mac De [?]
I dtómas na smut neamh-mion leig orlach ded’ mhéar.
D’fhreagair fear eile:-
Níor cóir í chur de cine Dhórdán Uí Néill
An rógaire do sgrios na cómharsain go léir
Go mbíodh a próca aice ar a muin i dtómas mban mbaoth
I dtreo go gcuireadh luibh na seómraí go léir.- Informant
- Dómhnall Bán Ó Céilleachair
- Gender
- Male
- Age
- 69
- Occupation
- Feirmeoir beag
- Address
- Cúil Aodha, Co. Cork
- Dia dhuit a mháthair
Dia duit a’s Pádraig
Cad na thaobh ná codhlann tú a Mháthair?
Ní fhéadfainn é a ghrádh ghil
Cad ‘na thaobh san a Mháthair?
Aisling a deineadh trím’ suan dom(continues on next page)