School: Baile Uí Bhuaig (B.) (roll number 14816)
- Location:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Teacher: Martias Ó Luasaigh
![The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 166](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0337%2FCBES_0337_166.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 166
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Bhuaig (B.)
- XML Page 166
- XML “Seanfhocail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)b
1
Bean táilliúra agus bean tínncéara sin beirt ban [?]nách gabann le chéille.
2
Bíonn blas milis ar praisig na gcómharsan.
3
Bíonn an fhírinne searbh ach ní fhágann sí náire go deó
4
Breithnuig an abha sul a dtéidhir na cuilithean.
5
Briseann an duthchas tré shúilibh an chait.
6
Beatha dhuine a thoil
7
Bíonn an fhírinne searbh ach bíonn sí foláin.
8
Biodh rud agat féin nú bí na eaghmais.
9
Bíonn duine na leanbh dhá uair.
10
Buadhann an fhoidhne ar an gcineamhaint.
11
Bheadh mórán ar meisce ach le leisce díol as.
12
Ba cheart cuimhneamh ar an arán a bíonn ithte.
c
1
Cídhfeadh sé ceann ruadh ar frog.
2
Ceadlacan fada 's easba ná mbróg deanfadh sé sean-duine do'n fhear a bheadh óg.
3
Capall na hoibre an bíadh.
4
Comhairle taréis pósta nú aithrighe taréis báis.
5
"Conac ceana thú" arsa an cat leis an mbainne te.
6
Ceannuig deagh rud agus beidh agat saor rud ach ceannuig droch rud agus ní bheidh agat aon rud.
7
Comh gnóthach le circ go mbead ubh aici.
8
Cíos do thighearna nú biadh do leanbh.
9
Creacadadóir tíreach síoladóir fánach.
d
1
Dá fhaid é an lá tagann an oidhche.
2
D'imtheóchad an spré leis an bhfaill ach d'fhanfadh an(continues on next page)- Collector
- Diarmuid Ó Céilleachair