School: Baile Uí Bhuaig (B.) (roll number 14816)

Location:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
Teacher:
Martias Ó Luasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 194

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 194

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Bhuaig (B.)
  2. XML Page 194
  3. XML “Seancheardaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is mó sean-cheard usáideach atá imthigthe as an sáoghal anois, agus is mór an trúagh san. Beagán blíanta o shin ní théigheadh na daoine cómh minic go dtí an siopa is a táid síad ag dul ann anois.
    Bíodh cáoire ag mór-cuid des na daoinibh. Deineadh bean a' tíghe an olann a cárdáil is a shníomh cur i gcás go mbeadh ámhras aici úair sa mblíadhain. Bíodh cuid de seo na phlainin agus tuille de na bhréid. Is minic a cuireadh si dath gorm ná dearg ar an olainn báin cun bréid leith-gorm a dhéanamh. Cuirtí cuid de'n phlainin go dtí tig a' datha. Taghadh an tailiúr isteac sa tig cun éadach a deanam de'n líon-tíghe (?) as an ámhras.
    Bíodh tigthe cínn-túighe as a lán daoinibh agus cuiridís seo pairc cruinneacht gach blíadhain mar teastúigheac cupla báth dín (?) on dtig gac blíádhain cun é coiméádh ó bráon anúas. Fear cliste (?) a cuireadh súas an díon so agus is ar a bhíodh túige na cruinneacta le fághail.
    Nuair a marbhúigdís mart deineadh (?) bean-a 'tíghe coinnle na blíadhna as an ngeir. Is ámhlaidh a leigeadh sí an ghéir, agus cuireadh sí ceann an mhúnla isteach i bfód móna tarrainge fada
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Liam Ó Duinneacha
    Gender
    Male