School: Baile Uí Bhuaig (B.) (roll number 14816)
- Location:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Teacher: Martias Ó Luasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Bhuaig (B.)
- XML Page 194
- XML “Seancheardaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is mó sean-cheard usáideach atá imthigthe as an sáoghal anois, agus is mór an trúagh san. Beagán blíanta o shin ní théigheadh na daoine cómh minic go dtí an siopa is a táid síad ag dul ann anois.Bíodh cáoire ag mór-cuid des na daoinibh. Deineadh bean a' tíghe an olann a cárdáil is a shníomh cur i gcás go mbeadh ámhras aici úair sa mblíadhain. Bíodh cuid de seo na phlainin agus tuille de na bhréid. Is minic a cuireadh si dath gorm ná dearg ar an olainn báin cun bréid leith-gorm a dhéanamh. Cuirtí cuid de'n phlainin go dtí tig a' datha. Taghadh an tailiúr isteac sa tig cun éadach a deanam de'n líon-tíghe (?) as an ámhras.Bíodh tigthe cínn-túighe as a lán daoinibh agus cuiridís seo pairc cruinneacht gach blíadhain mar teastúigheac cupla báth dín (?) on dtig gac blíádhain cun é coiméádh ó bráon anúas. Fear cliste (?) a cuireadh súas an díon so agus is ar a bhíodh túige na cruinneacta le fághail.Nuair a marbhúigdís mart deineadh (?) bean-a 'tíghe coinnle na blíadhna as an ngeir. Is ámhlaidh a leigeadh sí an ghéir, agus cuireadh sí ceann an mhúnla isteach i bfód móna tarrainge fada(continues on next page)
- Collector
- Liam Ó Duinneacha
- Gender
- Male