School: Baile Uí Bhuaig (B.) (roll number 14816)
- Location:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Teacher: Martias Ó Luasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fuair Ó Donnchadha an Gleanna tuairisig go bfaghad an duine a déanfhadh na geasanna cúiste ingean an rígh le pósadh agus an ríogacht go léir. Dúbairt sé le na bhúachaill lá teacht n-a theannta agus go ragaidís fé dhéin na mná.
Do thógadar leó dha chapall ialaite.
Comáineadar leó agus ní raibh ag Ó Donnchadha ach trí leath-sobarain. Bhíodar ag tomaínt leo go dtí dul faoi na greíne. Ag suibhal an bhóthair doíbh connacadar cómhthalán ar ínse taóbh istig de'n bhóthar. Ceangaladar na capaill ar tháobh an bhóthair agus chuádar isteach go dtí an rínnce. Ní rabhadar i bfad istig núair a táinig bean óg agus d'íarr sí Ó Donnchadh an Gleanna cun rínnce. Do rinnceadar babhais agus núair a stadadar tug sé leath-shobaran don mnaoí óig cun é thabhairt don bheidleadóir. Bé an nós a bhí ann san am san ná go ndíolfhad na fir an bheidhleadóir.
Do shuidheadar annsan ar fead sealad. D'eirig an cailín céadna airís agus d'íarr sí Ó Donnchadh an Gleanna cun rinnce an tarna h-úair. Do rínnceadar babhais agus núair a stopadar thug O Donncadh leath-shobharan eile do'n mnaoí chun é thabhairt don bheidhleadóir. Do stad an ceol agus an rinnce annsan mar bhí an doircheacht tagaithe.(continues on next page)- Collector
- Diarmuid Ó Céilleachair
- Gender
- Male