School: Baile Uí Bhuaig (B.) (roll number 14816)
- Location:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Teacher: Martias Ó Luasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do mhair na sean daoine ar bíadh símplídh sé sin tortha an tailimh. Is minic a itheadar prátaí is bainne trí húaire sa ló agus na prátaí a loibh sa pholl leis an sioc do dheineadar sághas ciste dhíobh ar a dtugadar stampí ar agus ditheidís le hím é. Bíodh cruinneacht ag gach feirmeóir. Do thógaidís an cuid is fearr de go dtí millan cun plúir a dhéanamh de. An cuid ná raibh cómh mhaith do bheirídís agus d'iteidís le bainne é. Grainseacán a tugadís air. Min-coirce amh i mbainne reamhar agus praiseah deanta de Mhin-coirce a bhíodh aca i gcóír an dinnéir núair a bhiodh prátaí gann. Do bhíodh gábhair ag a lán díobh agus bé an nó corcán dá mbainne a beiruíghadh agus bhrisead a cuir air, cun báisín grutha a thábhairt do gach duine den lín tíghe. Do dheinidís an rud ceadna le bainne na mbó. Is minic ná raibh aon tsághas bíd sa tig aca ac gruth agus meadhg dhá bhainne. Ditheidís alán abáíste beirighthe agus min-coirce nú úactar curtha tríd. Ditheidís a lán éisc an culmóir guirt ba gnáthach leó bheith aca. Ní bhíodh púinn feola in úsáid ach ditheidís muinntir na gcnoc alán mionán agus giorruighthe. Aimsir an gorta(continues on next page)
- Collector
- Liam Ó Duinneacha
- Gender
- Male