Scoil: Carrigaline, Ráth Mhór
- Suíomh:
- Carrigaline, Co. Cork
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Carrigaline, Ráth Mhór
- XML Leathanach 130
- XML “Seanphaidir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do gaibh Muire is a mac amach go moch sa lá. Do tháinig ortha fear beannuighthe ón Róimh. Do bhronn sí uirthe brat ar a raibh tairringthe trí brainnse óir.
"Go mbeanniugthear dhíbh a lucht na mbrat ná ithidh feóil Dia Céadaoin - ná deinídh gearáin ar bhúr dtuirse. Deinidh bhúr síothcháin le mac Dé agus beidh sibh cómh n-aos leis na leinbh. Sé mo bhrat-sa brat na dtrí mbeann gur rugadh Críost is gur baisteadh Críost ann. Níl aoinne a dearfaidh mo marbhna gach maidin Dé Luain ná geoghaidh sé Flaitheas Dé gan duadh gan atuirse agus radharc ar Muire trí uaire roimh bás."Ag dul isteach i Séipéal abair:-Beannuighim duit a Crois, a crann de'n duilleabhar glais. An crann gur céasaidh Críost agus beannuighim duit airís a Chrois.
Beannuighim duit seipéal na h-eaglaise. Beannuighim duit a theampaill na tríonóide. Cuirim m'athcuigní súas chun an Árd rí glórmhar ar urlár a thíghe féin - Is nár théigim méag go brách Air.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síle Ní Thuama
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Bhraoin
- Ainmneacha eile
- Máire Ní Bhraoin
- Máire Uí Thuama
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80