Scoil: Carrigaline, Ráth Mhór
- Suíomh:
- Carraig Uí Leighin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Carrigaline, Ráth Mhór
- XML Leathanach 074
- XML “Continuation of Sayings Copied from Jeremiah Mc Carthy's Notebook”
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar poball an Aifrinn."
"Is maith iad na fir go h-am caithe cuid."
"Is minic a bhí fear maith i sean-bhríste."
"Fear diomhaoin is [?] é -"
"Fear óg diomhaoin udhbhar an t-seanduine [?]."
"Ní raibh "cuibheasach 'na taoiseach maith riamh."
"Is minic a thuit fear maith i mbhuiltuigh"
"Is sirriam tealluigh gach fear a tintéan féin."
"Frighdeóir fir nó raedóir mná.(leanann ar an chéad leathanach eile) - Do chuaidh mé suas an bhóithrín, síos an bhóithrín agus do thug mé an bóithrín ar mo dhroim liom. Fir. - Dréimire.Teachtaire beag ó thig go tig
Is bíonn sé amuich san oidhche.
CasánTháinig sé isteach ar dromannaibh daoine
Is chuaidh sé amach mar snáthad síoda.
MóinTobairín fíor uisce ar fíor-bárr aon t-sléibhte
Fuinneógaín gloine agus doraisín círe.
An t-SúilRud beag a bhí ag fás ar crann
Chonnac beirt é, thóg cúigear é, chogain dáréag é(leanann ar an chéad leathanach eile)