School: Baile an Chaisleáin (roll number 11303)

Location:
Castletown, Co. Cork
Teacher:
Diarmuid Ó Mathghamhna
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 516

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 516

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Chaisleáin
  2. XML Page 516
  3. XML “Muine na Croiche”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Tháinig beirt fhear go Baile a' Caisleáin agus dhá gunna aca. Buachaillí bána a b'eadh iad. Chuadar isteach sa tig tabarrine a bhí sa tsráid bhaile agus leanadar ag ol ann ar feadh tamaill. An fear gur leis an tig tábhairne chuir sé fios ar Captaoin Beamish (Bernard) tiréarnach diabhaltach i bhí 'na cómhnuidhe an uair sin i bPalás Anne taobh shoir d'Inis Céin agus in a theannta san fhluchaig sé an pudar in a ngunnaí ar na fearabih iasachta i ngan fhios dóibh.
    I gcionn tamaill d'imthigheadar leo ó thuaidh agus nuair shroiseadar barr na peicé ag Muine na Croiche tháinig Beamish suas leo. Ghlaoidh sé ortha. D'iompuig ceann aca agus sgaoil leis an gCaptaon. Theip ar an guna gan dabht agus sgaoil Beamish leis is mhairb sé é. D'ealuig an fear eile.
    [?] cheangal Beamish an fear marbh d'eirball a' chapaill agus tharraing sé ina dhiaidh é go Baile Chaisleán. Ghloaidh ar ghabha a bhí ánn é do thabhairt sios go Palace Anne acht do dhuiltaig sé sin do agus chaith se fein carr do sholáthar[?]
    Tógadh an fear marbh go Palace Anne agus crocadh a chorp ó chrann ann
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Moneynacroha, Co. Cork