School: Baile an Gharrdha (B.) (roll number 13210)
- Location:
- Ballingarry, Co. Tipperary
- Teacher: Tomás Lotrail
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Úsáidtear focla Gaedhilge trí an mBéurla timcheall na h-áite seo:
Solaidí CUAIRDEACHT:ag dul ar cuaird
nós é sin ag daoine na tuaithe sa gheimhreadh
Baluightear le céile i dtigh éigin oidhche i rith an gheimhridh agus imrid cártaí nó bíd ag seanchas cois na teine.
DROMÁNón fhocal " Drom " - Cuirtear é sin ar chapall nuair bítear ag treabhadh nó ag baint an fhéir.
TAOIBHÍN:Nuair bíonn uachtar na bróige briste cuirtear píosa leathair air agus tugtar " taoibhin " ar an bpíosa leathair sin.
SÚGÁN:téad féir no tuighe. Deintar an súgán le FILLIBÍN
GRÍOSACH:an rud dearg te a thuiteann as an teine
CÚBÓG:um Cáisg téigheann buachaillí nó daoine bochta timcheall na tuaithe ag bailiú ubh. Tugtar " cubóg " ar na h-uibheacha a bhailighid.
CIOTÓG:aoine a n-úsáideann an lámh clé tugtar " ciotóg " air. Bíonn seisean " ciotógach ".
FLAITHEAMHLACHduine cineálta bo-chroidheach ná bíonn dúil i n-airgead aige.(continues on next page)