School: Baile an Gharrdha (B.) (roll number 13210)
- Location:
- Ballingarry, Co. Tipperary
- Teacher: Tomás Lotrail
![The Schools’ Collection, Volume 0563, Page 132](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0563%2FCBES_0563_132.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0563, Page 132
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a chloigeann. Cuireadh go Baile Átha Cliath é agus deineadh an cloigeann d'fuagháil ach fuair sé bás indeire na scríbe. Chonnac an cloigeann le déanaighe nuair bhí driothair de Sheoirse dá chur agus chífeá rian na fuaghála go soiléir sa phlaosg.
Leagmhas eile
Bhí buidheann ceóil ag an dá dream agus mar dubhart cheana bhí tiúin speisialta acu a spreagaidís suas nuair chasaidís ar a céile. Uair dá gcasadar ar a céile i Mágh Thobair d'eirigh an toirmeasc mar ba ghnáthach agus gearradh na dromaí. Annsan do throideadar le sceana agus marbhuigeadh beirt Fox agus Ó Brian. Fuair Ó Brian bás ar an láthair ach do mhair Fox go dtáinig an sagairt mar fágadh an scian n-a bhrollach ach d'éág sé nuair tharraing an sagart an scian.Tá a sliocht na gcómhnuidhe sna ceanntracha céádna: mar atá Baile an t-Sagairt Sean Gharrdha Mágh Tobair agus daoine ciúine síothchánacha is eadh iad.
Fox = Sionnach