School: Kilfenora (B.) (roll number 2155)
- Location:
- Kilfenora, Co. Clare
- Teacher: P. Mag Fhloinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Kilfenora (B.)
- XML Page 028
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Ins an tseanaimsir bhíodh fear darbh ainm Pádraig Ó Lobhaird as Cathair Mót ag brionglóidig go raibh ór i bhfolach in áiteanna.”
28
Ins an tseanaimsir bhíodh fear darbh ainm Pádraig Ó Lobhaird as Cathair Mót ag brionglóidig go raibh ór i bhfolach in áiteanna.Bhí an fear sseo ag brionglóidigh go raibh cróca óir i bhfolach fé sgéach ar thaobh cnoc Dúin.Do fuair sé fear eile leis an oidhche ina dhiaidh sin chun an t-ór a fháil.Bhí siad trí uaire ag tréabadh an guirt igcóir an óir go dtí dtáinig siad go leac mor ,agus bhí sé coasamhail go raibh cróca nó rud éigin fé .Nuair a tháinig cat dubh amach agus cheap siad go raibh an cat troid a dhéanamh.Annsin do chuaidh siad abhaile an oidhche sin.La ina dhiaidh do thainig go dtí an poll chun an obair a fheiceáil.Nuair a chuaidh siad ann ní fhacha siad déor na ndeór .Annsin do dhún siad an poll agus chuaidh siad abhaile.Blianta ina dhiaidh sin do chonnaic siad an cat dubh agus dubhairt siad le na chéile dhá gcriochneóchaidis an obhair beadh an t-ór acu.Ach mo lean nuair a chuaidh siad abhaile do thóg an cat an t-ór.(continues on next page)- Collector
- Tomás Ó Callanáin
- Gender
- Male
- Informant
- Seán Ó Dúbartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Cahereamore, Co. Clare