School: Kilfenora (B.) (roll number 2155)
- Location:
- Kilfenora, Co. Clare
- Teacher: P. Mag Fhloinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Kilfenora (B.)
- XML Page 043
- XML “Scéal Grinn”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar Shéan. Do thosuig an sagart ag baint sgéalta as Seán idtaoibh stair na tíre. Fháidh ina slíghe feín dob' eadh Seán. Do lean Seán ag cur síos ar an saoghal abhí in-ann do na Gaedhil."Arra (?) athair" ars Seán "ar chuala tú an sgéal mar gheall an ban-rioghan a bhí imBlá Cliat fad ó." Dubhairt an sagart nar chúala. Is ar Séan abhí an t-athas. Thosuig sé. Ag Cath Cluian Tairbh bhuail ban-ríoghan Eilís, ban-ríoghain Sasana le Brian Ború agus dfhiafruigh sí de ceard é an fochal fáire a bhí aige. Arsa Brian Ború "Is é an Sáirséalach an fochal agus ís é an Sáirséalach an fear."Ní tuísge a chuala an sagart an sgéal seo ná bris neart gáiridhe air. D'fhag sé Seán ag an dorais agus é ag déanamh iongnad de gaíridhe an tSagart.Sgéal a chuala mé i Leacht Uí Conchubhair ó C. O h-Eision.
(no title)
“Thit an rud sin amach ins an bhliain 1925 ag droichead Uí Liotháin, Creag, Leacht Uí Chonchúir.”
Thuit an rud sin amach ins an mbliain 1925 ag Droichead Uí Liotháin, Creag, Leacht Uí Chonchubhair. Aon oídhche amháin idtús an Earraig, ins an mbliain sin, bhí fear óg as Cillúra darb' ainm Séamus Ó Duibhir ag dul abhaile ó Leacht Uí Chonchubhair. Bhí an fear seo trí(continues on next page)- Informant
- Mícheál Ó Liatháin
- Gender
- Male
- Address
- Crag, Co. Clare