School: Corrabha (Curravagh)
- Location:
- Curraghvah, Co. Cavan
- Teacher: (name not given)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corrabha (Curravagh)
- XML Page 260
- XML “Na hÉin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Siad na héanlaith a bhíonn thart annseo ná - An Spideog, An Chuach, An Smólach, An Fhuiseóg, An Fhainleóg, An Traona, An Dreoilín agus An Gealbhán. Imthigheann an chuach, an fhainleóg agus an traona uainn sa bhFoghmhar go dtí na tíortha teo ó dheas mar a mbíonn teas agus flúirse bídh, agus fileann siad nuair a mhothuigheann siad teacht an Earraigh a' tigheacht. Tógann an spideóigín a nead i gclaidhe agus bíonn sé déanta as caonach, cúnlach agus olainn, agus dhéanamh cruinn a bhíonn air nuair a bhíonn sé críochnuighthe. Sé cinn de uibheacha a bhíonn ins an nid agus dath gorm a bhíonn ortha.Ní dhéanann an chuach nead ar bith ach má chíonn sí aon nead eile tógann sí ubh as agus beireann sí a ubh féin ann.Déanann an smólach a nead ins an sgeich-ghil. Bailigheann sí féar tirim, cré agus caonach agus socruigheann sí an nead go deas sa chrann. Ceithre cinn de uibheacha a bhíonn ann agus dath glas is gorm a bhíonn ortha.De ghnáth déanann an londubh a nead san sgeich-ghil. As cré, caonach is tuighe a dhéineann sí é. Ó ceithre go cúig uibheacha a bhíonn ann agus dath dubh a bhíonn ann.Déanann an fhuiseóg a nead ar an dtalamh as(continues on next page)
- Collector
- Brighid Ní Shiordan
- Gender
- Female
- Address
- Carrick West, Co. Cavan
- Informant
- Aodh Mac Siordan
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Carrick West, Co. Cavan