School: Corrabha (Curravagh)

Location:
Curraghvah, Co. Cavan
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 297

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0965, Page 297

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Page 297
  3. XML “Na Prátaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Feilmeiréacht an tslighe bheatha atá ag m'athair. Tá feirm mhór aige. Cuireann sé prátaí san Earrach - acra talmhan díobh. Uaireannta cuireann sé níos mó ná sin agus uaireannta eile ní bhíonn an méid sin aige. Gheibheann sé ráinn ar dtúis agus romharrann sé an talamh leis. Deineann sé iomairí agus cuireann sé leasú air. An fhaid a bhíonn seisean ag déanamh na hoibre sin bíonn a bhean ag gearradh na bprátaí síl in a sgiollána. Le sgín a ghearann sí iad agus fágann sí súil ins gach sgiollán. Leagann an fear na sgiolláin síos ar an leasú agus cuireann sé na fóid suas ar an dá thaobh.
    Annsin cuireann sé cré suas leis an iomaire agus fágann sé annsin é. Is gearr go mbíonn na gais ós cionn talmhan agus nuair a chíonn seisean é sin gheibheann sé a shluasad agus tosnuigheann sé ag cur ath-chré ortha. Nuair a bhíonn fás maith fé na gais cuireann sé púnt agus ceathramha sóid agus púnt cloch ghorm in aghaidh gallúin uisge agus cuireann sé sin ar na gais chun an "dubh" a choiméad uatha.
    Nuair a bhíonn na prátaí ullamh chun a mbainte i mí Deire Foghmhair romharann sé an talamh agus piocann sé na prátaí móra. Fágann sé na cinn bheaga sa chlais agus ins an tráthnóna héis filleadh ón sgoil dom féin is dom dheirbhshúir téighimíd amach is bailighimíd iad. Tugann m'athair na cinn bheaga
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. potatoes (~2,701)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Shiordan
    Gender
    Female
    Address
    Carrick West, Co. Cavan