Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Curraghvah, Co. Cavan
- Múinteoir: (name not given)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Oidhche Lae 'le BrigdeFadó bhíodh crosanna a ndéanamh ag na daoine as brobhanna glasa agus théighidís ó theach go teach leis. Ní deintear é sin anois cor-ar-bith.
Lá le PadraigBíonn an tseamróg a chaitheamh ag gach éinne - óg is aosta an lá sin mar is leis an tseamróig a mhúin Naomh Padruig rún na Trionóide do na Gaedhil fadó. Deineann na fir thart annseo an tseamrog do bháthadh lá Fhéile Padraig agus bíonn siad ag ól i dtigh an óil.
Máirt na h-InideFadó bhíodh panncóga ag na daoine agus bhíodh giota feoil nó píosa bagúin aca an oidhche sin chomh maith aca; tá an nós sin imthighthe anois.
Ceadaon an LuaithridhTéigheann daoine chun an tséipéil an mhaidin sin chun roinnt luaithreach a fhághail ar a gclár éadain. Fadó ní ólfadh na daoine ach tae dubh, agus arán mhin coirce a bhíodh aca in éinfeacht leis. Ach anois ní bhíonn an gnás sin ag na daoine.
Aoine an CheástaNí deintear obair thart annseo ach in dhiaidh an mheadhon lae.
Domhnac CásgaBíonn féasta mór ag na páistí agus ithid níos mó ubh ná mar is gnáthach an lá sin.
An Chéad Lá de BhealtaineNí ceart aon nídh a thabhairt do dhuine ná aon rud a fhághail ar iasacht uaidh an lá sin. An maidin sin leis ní maith leis na daoine bheith ag éirghe ró-luath ar eagla go mbéadh an chéad deatach aca agus is minic nach gcuireann siad an luaithreach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. Cavan