Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Curraghvah, Co. Cavan
- Múinteoir: (name not given)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aighthe fidil ortha agus hatái árda. Téighid ó theach go teach agus deinid dreas ceoil is babhta rinnce. Bíonn an béarsa seo leanas ghá rádh aca.
"The Wren, the Wren, the King of all birds,Down with the hand and up with the cash,And give us some help to bury the wren"
Tugann muintir a'tighe airgead dóibh agus leis an airgead a gheibhid ceannuighid biadh is deoch agus bíonn fleadh is féasta aca an oidhche sin i dtigh éigin sa chomhursanacht. Tugtar "The Mummers' spree" air seo.
An Céad Lá den bhliadhain úr. An lá sin bíonn na daoine ar bís ag iarraidh a fhághail amach cén chéad duine a thiocfaidh isteach. Má bhíonn gruaig dhubh air beidh siad lán tsásta ach sé a mhalairt má bhíonn gruaig dhearg air.
Nolaig Bheag ( an séamhadh lá de mhí Eanair. Sin é an lá deireannach den dá lá déag in dhiaidh na Nodlag. Ar feadh na laethe sin bíonn na daoine ar bís féachaint cionnus a bhíonn an aimsear. Má's go maith a bhíonn sí beidh an dá mhí déag den bhliadhain go maith.- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. Cavan