School: An Corrbhaile

Location:
Corbally, Co. Clare
Teacher:
Máirtín Mac Coitir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0627, Page 312

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0627, Page 312

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Corrbhaile
  2. XML Page 312
  3. XML “Áitainmneacha - Paróiste Chill Ard”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    (53) AÍT TIGHE MUIRISÍN FÓDH-DEIRE:
    Tá fothrach tíghe bhig le feiscint fós agus do reír seanchuis bhí Muirisín Fódh-deire in a chomhnuidhe ann. Bhí caíl mhór ar an dtig am de bhrígh gurbé an tigh deireanach í gConndae an Chlaír.
    Deirtear gur deineadh taídbhriamh do Mhuirisín uair amhaín go bhfuair sé ciste óir ag Droicead Luimhníghe. Deineadh an taidbbhriamh do trí oidhche i ndiaidh a cheíle. Chreid Muirisín go bhfaghad sé an t-ór. Ghléas sé é feín agus thug sé an bóthar air feín. Bhí sé i gCathair Luimnighe le heiríghe na greíne agus thuit an lug ar an lag air nuair na feaca sé an t-ór. I gceann tamaillín chonnaic sé amadán eile ag deanamh air.
    Thosnuigheadar ag cainnt le cheile agus ba ghairid an mhoill gur noctadar fios a ngnótha dá cheíle. D'innis Muirisín dó mar gheall ar an taidhbhreamh a deineadh dó. Dubhairt an fear eile go bhfuair sé feín prócha óir taobh istig de dórus tíghe Mhuirisín Fodh-deire abhí 'na chomhnuidhe in iarthar Chonndae an Chlaír. Ní dubhairt Muirisín faich ach iompó comh tapaidh agus do bheídir leis agus teacht abhaile. Nuair a thaínig sé abhaile cheap a bhean gur as a mheabhar abhí sé. Fuair sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Location
    Killard, Co. Clare