School: An Corrbhaile
- Location:
- Corbally, Co. Clare
- Teacher: Máirtín Mac Coitir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)(53) AÍT TIGHE MUIRISÍN FÓDH-DEIRE:Tá fothrach tíghe bhig le feiscint fós agus do reír seanchuis bhí Muirisín Fódh-deire in a chomhnuidhe ann. Bhí caíl mhór ar an dtig am de bhrígh gurbé an tigh deireanach í gConndae an Chlaír.Deirtear gur deineadh taídbhriamh do Mhuirisín uair amhaín go bhfuair sé ciste óir ag Droicead Luimhníghe. Deineadh an taidbbhriamh do trí oidhche i ndiaidh a cheíle. Chreid Muirisín go bhfaghad sé an t-ór. Ghléas sé é feín agus thug sé an bóthar air feín. Bhí sé i gCathair Luimnighe le heiríghe na greíne agus thuit an lug ar an lag air nuair na feaca sé an t-ór. I gceann tamaillín chonnaic sé amadán eile ag deanamh air.Thosnuigheadar ag cainnt le cheile agus ba ghairid an mhoill gur noctadar fios a ngnótha dá cheíle. D'innis Muirisín dó mar gheall ar an taidhbhreamh a deineadh dó. Dubhairt an fear eile go bhfuair sé feín prócha óir taobh istig de dórus tíghe Mhuirisín Fodh-deire abhí 'na chomhnuidhe in iarthar Chonndae an Chlaír. Ní dubhairt Muirisín faich ach iompó comh tapaidh agus do bheídir leis agus teacht abhaile. Nuair a thaínig sé abhaile cheap a bhean gur as a mheabhar abhí sé. Fuair sé(continues on next page)