School: An Scairbh (C.)

Teacher:
Máiréad, Bean Mhic Eoin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0591, Page 003

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0591, Page 003

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Scairbh (C.)
  2. XML Page 003
  3. XML “Doire Gréine”
  4. XML “Sruthán an Leamhnacht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Baile fearthainn tá suidhte idir an scoil seo agus loch Deirg dheirc. Tá sgeul ag baint leis an ainm seo ar martain fós sa ceanntar seo. Do réir béal oidis is amhlaidh báthadh bean darb ainm dí grían sa loch atá tímcheall ocht míle ón baile seo ar a dtugtar loch gréine. Tug an tuille corp léi síos an abha a shnígheann ó loch gréine go loch deirg dheirc gur fúaradh sa deire é ar brúach na h-abhann san áit ar a dthugtar Doire Gréine mar ainm indhiu. Do chuireadh grían í dThúaim Gréine agus do réir an Dochtúir Seoighe tá a feart le feiscint inaice leis an an baile sin fós. Sin é an scéal fé mar atá sé í mbéal na ndaoine indhiu agus má tá bréag ann ní mise a chuir ann é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. I mbaile fearthainn ar a dthugtar Clúain Oscar atá tímcheall le ceithre míle ón mbaile seo tá sruthán beag ar a glaodhtar sruthán a' leamhnacht. Do réir béal oidis is bainne a bhíodh ag síor-rith sa sruthán seo tráth. Do thárla úair airithe gur ól bean deoc as, agus go ndhearna sí dearmhad ar beannacht ó Dhía do ghuidhe air. Ní túisge bhí sé ólta aici ná
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Cloonusker, Co. Clare