School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Location:
- Adrigole, Co. Cork
- Teacher: Muircheartach Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- XML Page 022
- XML “Seanabhrán”
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Agus Dia mar ghárda cuirim leat anonn.Donchadh Dhonncadh ó Súileabháin (21) ó Dhromfheircín, láithreach a thug dom é seo ar an 6adh Márta 1938.
Óna sean athair (go ndeinidh Dia trócaire air) a fuair sé é.
Cheap sé gur Diarmuid na Bolgaighe dhein ar shon mháthair an bhuachalla so airighthe chuaidh ag saigdiúireacht in arm Shasna.
Séamus Gógáin.
Thíos i mbun Áth chomnuig an Mháthair, do mhuintir Sheaghdha
[?]Ceapaim an chainnt so bheith ró-shimplí do Dhiarmudi na Bolgaí
M. OSeaghda O.S. - Bhí beirt leanbhaí ann fadó, agus cúpla ab eadh iad. Aon lá amháin bualadh breóite an bheirt. Bhíodar breóite ar feadh i bhfad, agus sa deire bhíodar na rudaí grána beaga.
Aon lá amháin bhí corcán mór feóla beirbhighte ag mnaoi an tighe, agus chuaidh sí amach ag glaodhach an an bhfear isteach chun a dheinéir. Nuair a bhí sí ag teacht do fheach sí isteach tríd an bhfuineóg agus cad a chonnaic sí ach beirt sean-fhear agus iad ag alpadh na feóla.
D'imthig an bhean isteach, agus léim(continues on next page)