School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Location:
- Adrigole, Co. Cork
- Teacher: Muircheartach Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Chúaigh fear ó'n nGleanngarbh go dtí Portláirge chun prataí do bhaint.”
Chúaid fear ó'n nGleanngarbh go dtí Portláirge cun prataí do baint. Núair abí sé cun teacht abhaile do ropadh é le sgian is bhí sé go h-ana bhreóite ar feadh abhfad acht tháinig a sláinte cuige arís is ní raibh puinn airgid aige mar bhí sé go léir tabhatha d'os na dochtúirí aige. Aon lá amháin dhein sé beagán oibre is pé airghead abhí aige san oidhche sin chuaidh sé ar 'spree' agus do gabhadh e is do cuireadh isteach sa phriosúin é.
Nuair a tháinig sé amach bhí náire is nuair a d'fhiafruig duine eigin de an raibh mórán fear eile istig dúbhairt sé an rann seo.
"Níorbh aon nidh mo chás-ne go dtí tuille des na ceanntaraibh,
Bhí gharsún ann ó Bhéara a sciobh gé leis agus ganndal,
Bhí fear ann ó Chaol-choill a mhairbh a mháthair,
Is bacach mór láidir le gadaidheacht cabáiste,
Bhí fear a tighe ann ó Sciathail a sciob bar-líntí ó'n abhainn leis,
Is tíncéar breágh, aerach a ghoid caipín agus treabhasar[?](continues on next page)- Collector
- Pádruig Ó Donnabháin
- Gender
- Male
- Address
- Bawn, Co. Cork