School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Location:
- Adrigole, Co. Cork
- Teacher: Muircheartach Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- In aimsir an ghorta bí líon tighe in a gcómhnuidhe shoir i n-Dromlaimh. De mhuinntear Néill do beadh iad. Bhíodar cuibheasach saidhbear agus do bhiodh coirce aca gach bliadhain. Bhí alán daoine bochtha na gcómhnuidhe mór timcheall ortha agus do thagaidís go minic cucha ar lorg bídh. Bean ana déarcamhail do beadh í agus do thugadh sí coirce dhóibh. Nuair a tháinig an uair chun an choirce do chur ní raibh aicí acht an méad le cur. Aon lá amháin dimtig an fear go Corcaig ag díol rudaí agus dubhairt sé le na bhean gan aon nidh do thógaint as an bosca seo mar go gcaithfidís é do chur sara bhfad. Níor fhada in a dhiaidh sin go dtáinig na daoine bochta. níor mhaith léi leigint dóibh dul abhaile folamh agus do thug sí an coirce go léir dóibh acht amháin an cáth. Annsan do bhí fhios aicí go mbeadh fearg ar a fear. Do 'fhuair sí [?]miothal fhear agus dubhairt sí leó an cáth do chur. Do chuireadar é, do fhás sé, agus ní raibh coirce leath cómh maith leis ins a Paróisde seo.Roimis an Gorta thuit so amach. Taobh thiar den séipéal - séipéal Claínn Labhraís, mar a bhfuil tig Johnny Bat anois, seadh chomhnuig muintear Néill - muintear na bhFothrach. Le Johnny Bat an pháirc sin anois - thíos chois fairge.
Ros Cátha tá mar ainm uirte riamh ó shoin.
[Muircheartach ÓSeaghda OS.]- Collector
- Síghle Ní Shéaghdha
- Gender
- Female