School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Location:
- Adrigole, Co. Cork
- Teacher: Muircheartach Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an pluas, do tháing an long ó'n bhFrainnc agus do tháinig Puxly. Nuair abhí Puxly ag teacht isteach do chaith Ó Súileabháin leis agus bhuail sé an t-uisce in aice leis an mbád. Nuair nár iompuigheadar do chaith sé airís agus bhain sé cnaipe de chóta Puxly. Nuair a chonaic Puxly é seo dubhairt sé gurab Ó Súileabháin gabha a chaith leis mar ná fhéadfadh aoinne an lámhach sin do déanamh ach é. Dubhairt Puxly na focail seo "Put the yaucht about or he'll kill us all". Chuaidh Puxly thar-nais agus níor tháinig sé amach aon lá 'na dhiaidh sin.
Cúpla bliadain na dhiaidh sin do bhí guna Puxly briste agus do chuir sé amach go Ó Súileabhain gabha é mar bhí sé ana-mhaith chun gunaí do shochrú. Nuair abhí sé sochruighthe aige do chuaidh sé féin isteach go dtí Puxly leis, nuair a chuaidh sé isteach an doras dubhairt Puxly "your pardon is granted" agus bhíodar ana-cháirdeamhail le na chéíle as san amach.- Collector
- Áine Ní Shéaghdha
- Gender
- Female