School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Location:
- Adrigole, Co. Cork
- Teacher: Muircheartach Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- XML Page 069
- XML “Saothrú an Linn sa Pharóiste Seo Fadó”
- XML “Bás Johnny Bun”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Thug Seana Jer (Diarmuid ÓSeaghda Doirín) cur síos cruinn isteach san Ediphone anso do Eoghan ÓSúileabháin - mar sin tá agaibh i mBlá Cliath - ar shaothrú agus oibriú an linn.
Ní cuimhin ach le foth duine mar é anois anso saothrú an linn.
Tá roinnt páirceanna againn ainmnithe na diaidh
Páirc a' Linn ar an mbán le Mairtín ODubhir
Páirc a Ruis san Doirín le JOHNNY BUN etc. - Ós ag trácht ar PHÁIRC A RUIS é, sa doirín Iochtar atá - páirc le Johnny Bun.
An Satharn Seo Caithte bhí Johnny ag brise isteach cúinne na páirce Gairbhe seo.
Ag gearradh claise do tháinig sé ar chlocha beaga doighte agus smoilíní dubha de charcoal ar a bhfuaidh. Tamall beag eile ag gearradh do agus tháinig sé ar bhád den tsean-aimsir mar a chonac sa Museum. - bád a gearradh no a dóghadh as an gcrann daraighe 8 'x 2' x 1' (ar aoirde). Ní raibh ach cuid dí ann mar bhí tosach a bháid gearrta di agus ar iarraig.Tógadar go cúramach í agus ghlanadar tá sí anois ar an mbán.
Tímpeall 3' de chré is portach bhí ós a cinn. Áit ait do BHÁD dar le duine. Tá Abha Cúm Gadra ABHFADH síos uaithe. An féidir gur loch ar fad bhí sa ghleann i nallód?
Gairdín na CISIGHE an páircín taobh thuas di.- Collector
- M. Ó Séaghdha
- Gender
- Male