School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Location:
- Adrigole, Co. Cork
- Teacher: Muircheartach Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ciaca againn d'ólfadh an chuid is mó" arsan táiliúr. Do thosnuig an bheirt bheith ag ól an phraisidh agus bhíodar 'ghá ól gach eile geach re tomhas. Bhí dha mhála leathair ag an táiliúr dtaobh istig dá chóta mór agus bhí sé ag dortadh an phraisidh go léir isteach ionta. Níor thug an fathach fé ndear é, bhí sé féin lán agus ní fhéadhfadh sé a thuille d'ól. D'fhéach sé ar an dtailiúr. Bhí ionghadh air conus fhéadhfadh sé an pairseach go léir d'ól seachas é féin. "Ná féach orm mar sin a bhastúin tuathallaig" arsan táiliúr, "sin rud nár dhein aoinne im thír-se riamh, féachaint isteach ar fear eile nuair a bheadh sé ag ithe nú ag ól a chuid". "Tá buaidhte agat orm airís" arsan fathach nuair nár féad sé féin a thuille d'ól.
"Caithfimíd dul ag imirt comain", arsan táiliúr. Nuair a chuadar amach sa pháirc, do thóg an táiliúr sgian as a phóca. "Caithfead mé féin d'éadramaí ar an obair seo." Do chuir sé gearradh de'n sgian i ngach taobh de ar na málaí leathair. Do shaoil sé an phairseach go léir amach. "Caithfeadh sa mé féin d'éadramú leis" arsan fathach. "Trom an sgian sin" ar seisean. Do bhuail sé rop de'n shgian ar a dha cliathan agus do leog sé amach a raibh istig ann. Súid an tailiúr ar fuaid na páirce le na chomán indiaidh na mbaire. Do thuit an fathach marbh ar an bpáirc nuair a bhí a dhá cliathán gearrtha. Sin mar do bhuaidh(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Shéaghdha
- Gender
- Female