School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil

Location:
Adrigole, Co. Cork
Teacher:
Muircheartach Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 098

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1125, Page 098

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
  2. XML Page 098
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí fear ann fadó agus bhí beirt mhach aige

    (continued from previous page)
    uaidh. Chuaidh sé fé na dhéin agus chuaidh sé isteach; ní raibh aoinne ann roimis.
    Dhein sé sios teineadh cun é fein a théad Tar éis tamhaill tháinig much isteach agus rug se uirthe agus mharbh sé í. Ansan cuir sé isteach i gcorcán cun í a bheirú. Níor bhfada go dtáinig bean go dtí an doras agus dubhairt sí leis an gadhar a cheangal, go raibh go raibh eagla uirthe roimis. Dubhairt sé lei ná raibh aon nid aige chun í ceanghal. Do stach sí ribhe dá gcrúaigh agus thug sí do é, cun é ceangal. Dhein sé cómhartaí éigin gur ceangal sé i, ach caith sé na ribe isteach sa teineadh i gan fhios dí. D'fhiafruigh sí de "Cad tá ag cnágarnaigh sa teineadh". Dubhairt sé gur grainne salainn a bhí aige dá muic. Cuaidh sí isteach agus shuidh sí síos.
    Nuair a bhí an much beirighthe thog sé an corcán as an dteineadh agus chuir sé ar an mbord í. "D'éirig an bean agus dubhairt sí. Caithfeadh-sa mé fein a sásadh ar dtuis" agus ní leighfeadh sí don fear teacht na goire. Tairig sí tríd a fiacla fada fuara agus d'ith sí an muc go léir.
    Ansan rug sí ar an bhfear cun é a mharbú, acht ghlaoid sé ar an cú agus dubhairt sé "Tabhair dom cabhair agus chonghnamh"
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish