School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Location:
- Adrigole, Co. Cork
- Teacher: Muircheartach Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí beirt drithár ann fadó agus do roinneadh feirm a n-athar eatartha.”
(continued from previous page)chómhrainn. Chuair an gadaidhe í agus thóg sé suas arís an oidhche sin í agus thug sé an éadach do na leanbhaí a bhí ag an bfhear mboicht. Chuir sé an bhean marbh taobh amuich de'n dorus agus gabhlóg taobh thiar di agus nuair oscaladh an dorus ar maidin thuit sí isteach san úrlár. Chuir an fear saidhbhir fios ar an ngadaidhe agus dubhairt an gadaidhe gur b'amhlaidh nár chuir sé aon airgead léi. Chuir an fear mórán airgid léi agus chuir an gadaidhe í arís. Thóg sé suas i arís san oidhche agus thóg sé an t-airgead.
Bhí mórán muc á ramharú ag an bhfear saidhbhir agus mhairbh an gadaidhe iad agus chuir sé an t-seanabhean ag seasamh istig i lár an úrláir agus chuir sé fuil uirthe agus chuir sé scian isteach i na láimh. Ar maidin nuair d'eirig an fear saidhbhir fuair sé na muca marbh agus an scian ag an t-seanabhean bhí sé ar buille Chuir sé fios ar an ngadaidhe agus dubhairt seiseann go mbearra dho an áit do fhághaint ar feadh tamaill. Bhí bromach ag an bhfear agus capall agus chuir an fear an trap ar gcapall agus d'fhág sé an áit. Cheangail an gadaidhe an bhean marbh anáirde ar an mbromac agus scaoil sé leis. Nuair rug an bromach suas leis an trap thiomáin an fear isteach i loch a bhí ann agus bádhadh é, is bhí an fheirm go léir ag an driothar bocht.- Collector
- Muircheartach Ó Séaghdha
- Gender
- Male
- Informant
- Euge Eugon
- Gender
- Male