School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Location:
- Adrigole, Co. Cork
- Teacher: Muircheartach Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- XML Page 110
- XML “An Giorria a Chrúdh na Ba agus Iompaigh 'na Seanmnaoí (nó a Mhalairt)”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag crúdh na mbó, agus é na sheasamh ar a dhá chois deirig.
Thiomáin sé na cuinte agus na gadhair na dhiaidh. Lean an fear iad cómh mear agus do fhéad sé é, go dtáinig se go tigín oscailte ach bhí an leath-doras dúnta. Léim an gearrfiadh isteach de dhruim an leath-dorais, agus nuair a bhí sé ag dul isteach, rug ceann des na cuinte air, agus thóg se moteóg den chois deirig de.
Lean an fear isteach é, agus do fhiadruidh sé de bhean an tighe a bhfeacaidh sí an gearrfhaidh agus dubhairt sé ná feaca. Chuarfaidh sé an tigín ach ní bhfuair sé aon tuairisc den ghearrfhaidh. Annsan dubhairt sé, "Eirig id sheasamh a bhean, bféidir go mbeadh sé tímcheall ort in áit éigin," ach ní eireóchaidh sí.
Annsan rug sé uirthe agus thóg sé suas í, agus bhí tobar fola fuithe. Is amhlaig gur duine ón saoghal eile ab eadh an gearrfiadh, agus do athruig sé é féin go bhean.- Collector
- Seán Ó Séaghdha
- Gender
- Male
- Address
- Bawn, Co. Cork
- Informant
- Muiris Gogáin
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 89
- Address
- Bawn, Co. Cork