School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- Location:
- Adrigole, Co. Cork
- Teacher: Muircheartach Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fiach Naomhtha (Buach.), Eadragóil
- XML Page 124
- XML “Donnchadha an Chaipín agus an Dreoilín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fuair an dreólín iasacht leath choróin ó éan éigin eile fadó chun tig a dheanamh. Dhein sé an tig agus ní thabharfadh sé an leath choróin thar n-ais. Chur an t-einín an dlighe air acht san am seo bhí ál mór dereóilíní tógtha suas ag an ndreóilín agus níor aithim an t-éinín é chun an capall ban tabhairt do. Chuaidh donnchadh an chaipín i n-urúdhas go dtabharfadh sé féin an capall bán do. Do imthig donnchadha go tig an dreóilín agus bhí sé féin agus a chlann isitg ag bualadh coirce agus níor aithn donnchada é ó na chlann.
Chuimhnig sé ar plan. "Mo graidhn do bhuille a sheana bhuachaill", ar seisean. Do sheasaim an seana dreóilín suas agus ceann air agus dubhairt sé go raibh fios aige go raibh sé níos fearr ná a chlann fós. D'aithn donnchadha ansann é is thug sé an capall bán do. Bhí Máire Ní Trúis sa dorus siní bean Donnchadha agus ruith an dreóilín amach is thug sé póg di agus tháinig éad ar Dhonnchadha ansann agus deirtear go dtugan sé dala di go minic ó shoin.- Collector
- Muircheartach Ó Séaghdha
- Gender
- Male
- Informant
- Seán Ó Súilleabháin
- Gender
- Male