School: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí fear agus bean ann uair agus do bhíodar pósta, agus do bhídís i gcómhnaidhe ag troid le 'na chéile.
D'airig an Sagart paróiste mar gheall ortha. Ní raibh aon clann ag an mbeirt. Nuair a airig an Sagart mar gheall ar an dtroid do tháinig sé go dtí an tig ag triall ortha.
Nuair a chonnaic an fear ag teacht é do thosnuig sé ag screadaig. Do tháinig sgannradh ar an mnaoí agus do thóg sí suas an t-ursal agus do thosnuig sí ag bualadh an fhir leis.
Do shiubhal an Sagart isteach agus nuair a tháinig sé isteach do bhí an fear gheall leis marbh. "Cad tá agat á dhéanamh ansan leis sin?" arsa'n Sagart leis an mnaoí.
"Ó táim ag bualadh an diabhal mór seo" ar sise. D'eirig an fear ansan(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Shúileabháin
- Gender
- Female
- Age
- 16
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork
- Informant
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Gender
- Female
- Age
- 68
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork