Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. Galway
- Múinteoir: (name not given)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus ní raibh de mhuirghín aige ach aon mhac amháin dar b'ainm Seán. Bhí sé seacht mbliadna d'aois. Aon lá amháin thárla rud a chur an bhrón ar an athair. Bhí sé go deirneach sa tráthnóna agus ní raibh Seán istigh. Bhí sé in-am aige a dhul a chodhladh. Ní raibh a fhios ag a athair cá raibh sé. Chuartaigh sé Seán i ngach seomra sa teach ach ní bhfuair sé Seán in aon áit. Bhí an imnidhe ar a athair mar bhí an chion aige ar Seán. Chuir sé teachtairí a thóir féachaint a ngeobhfadh siad é in aon áit sa tír. Ach nuair a tháinic siad ar ais dubhairt siad nach bhfaca siad Seán in aon áit.
D'imthigh na laetheannta thart ar an chaoi sin go dthí go raibh seacht mbliadhna caithte, Ní raibh súil ag an duine uasal go bhfeicfeadh sé a mhac go deo. Ins an mbaile céadhna bhí gabha ann. Aon oidhche amháin tuairm is seacht mbliadhna(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Nualláin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Flannchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Seanadh Fhraochóg, Co. Galway