Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. Galway
- Múinteoir: (name not given)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha
- XML Leathanach 11_017
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar siadsan. Is í an leas mháthair is cionntach linn dhul an bealach seo. Sé an áit a bhfuil muid ag dhul go dtí an domhan shoir ag iarraidh an capall atá ag an Rí a ghoid. Annois atá mise tar éis a theacht as arsan Gadaidhe Dubh agus chinn sé orm í ghoid. Bhfuil aon airgead agaíbh arsan Gadaidhe Dubh. Tá roinnt airgid againn ar siadsan. Rachaidh mise in éinfeacht libh agus taisbeánadh mé an bealach díobh. Dá mbeadh dhá buidéal fuisge againn agus mar a bhfuigheadh muid í leis an bhFuisge tá muid aiste. Tá muid chomh fada leis an ngeata anois deir an Gadaidhe. Teigheadh duine agaibh isteach go bfeicfe sibh a bhfácfa an gárda istigh sibh go maidin. Chuaidh agus dubhairt an gárda go bhfácfadh. Teigheidh isteach sa gcró deir sé. Chuaidh agus luigh siad(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brígid Ní Ghráinne
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Flathartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Doire Locháin Thiar, Co. Galway