Volume: CBÉ 0180
- Date
- 1936–1936
- Collector
- Locations
On this page
(no title) (continued)
“I n-am a 'phersecution', agus ba é an saghart deireannach é a gabhadh ariamh, gabhadh thíos ar an Arachoill, agus ceangluigheadh de chrann é, agus d'imthigh siad a chuartughadh fear eile dá bhfághad siad é.”
(continued from previous page)leis a bhuachaill. Dhreasuigh siad madadh amach a bhí aca. Thosuigh siad a scaoileadh leis
agus rinn siad rideall de’n bhád, agus ní theárn siad an dath air. Dhreasuigh siad madadh annsin amach ionnta, agus nuair a chuaidh a madadh amach thóg
a buachaill a madadh isteach ins a bhád. Ba leis a’ bhuachaill a madadh, agus ba é sin a saghart deireannach a
gabhuigheadh(1) astoigh i n-Éirinn.
Maidin amháin Dia Domhnaigh bhí fear de na saghairt seo a bhí ar a sheachnughadh a teacht
aníos a Machaire. Chuaidh sé isteach i dteach ar a Machaire, agus a teach a dteachaidh sé isteach ann bhí fear a lomadh caorach ann.
"Bhfuil fhios aghat," arsa’n saghart leis "cé’n lá atá indiú ann?"
Chuaidh sé a chunntas suas. 'Bhí mé ag obair thall annsin ag bun a mhám Dia Luain.
Bhí mé thiar ag an ghobán," arsa seisean.
Dia Máirt a deánamh leithid seo. Agus
(1) gabhadh agus gábhuigheadh (baintear úsaid as an dá fhocal)(continues on next page)