Imleabhar: CBÉ 0407 (Cuid 3)
- Dáta
- 1936
- Bailitheoir
- Suíomhanna
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0407, Leathanach 0320](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0407%2FCBE_0407_0320.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0407, Leathanach 0320
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- Bataí Scóir
Bhí na bataí scóir timcheall an cheanntair so, breis is ceithre fichid bliadhaon ó shin, nó b'fhéidir níos mó. Bhíodh ceann acu ag an bhfeirmeóir agus ceann eile ag an sglábhuidhe. Coimeádaidíg cúntas ar na laetheanta a bhíodh an fear-oibre ag obair do'n bhfeirmeóir. Chuireadh gach duine acu marc ar a bhata scóir féin.