Scoil: Breac-chluain (B.) (uimhir rolla 13389)
- Suíomh:
- Breac-chluain, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Casaide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Breac-chluain (B.)
- XML Leathanach 402
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a' mac leis go dtiocfait se torran eile rompú agus go mbéadh níos mó draoidheacht aige an uair sín ná bhí cheana.
"Déanfaidh mé colúr dhíom fhein an torann seo" ar seisean.
Acht ná díol an sreangán atá ar mo mhuinéal.
Tháinigh an sean-ghabha an torann seo agus chuir sé draoidheacht ar a' sean-fhear gur thug sé an sreangán leis. Chuir sé isteach i gcás é (-) agus laisg sé coinneal nimhe ós chionn. Chuile uair a bhí (-) bí sé dhá dhóghadh go dtí an crá (?)
Lá amháin a bhí an máighistir ó bhaile bhí an cailin a gul thart le buicéad uisge. D'iarr sé deoch uirri. Nuair a fuair sé an deoch chaith sé lán a bhéil dho fuil isteach sa mbuicéad. Dhoirt sí an buicead agus thug sí buicéad eile uisce. Nuair a fuair sé an t-uisge doírtighthe rinne sé breac dó fhéin agus léim sé isteach san uisge. Shnámh sé leis go dtí an abhainn agus as an abhainn go dtí an fhairrge. Nuair a tháinig an sean-ghabha abhaile agus fuair sé imthighthe é bhí sé ag cur tuairisg cé thug cabhair air. D'innis sí dhó go dtuig sí deoch dhó. Bhí fhios aici go maith goidé an bealach (-) sé. Rinne sé doisín(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Patsaí Ó Ceallacháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Gabha (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Sanúlán, Co. Mhaigh Eo