Scoil: Breac-chluain (B.) (uimhir rolla 13389)
- Suíomh:
- Breac-chluain, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Casaide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Breac-chluain (B.)
- XML Leathanach 403
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí siad a' leanamhaint a' tsruthaín go ndeachaidh siad 'un na h-aibhne ó'n abhainn go fairrge. Chuile breac a dtiocfait siad suas leis bhíodh siad a baint greamannaí as go raibh siad a tigheacht suas leis. Léim sé as an bhfairrge isteach ins an teach. Rinne sé fáinne dhó fhéin agus léim sé ar méir bhean a' tighe. Dubhairt sé léithe gan scaradh leis a bhfáinne go mbeit siad a 'gul a' gearradh an mhéir dí, annsin breoth ar an bhfáinne agus a chaitheamh isteach sa teine. Rinne an sean ghabha casúr agus inneón do bheirtaca agus bhí said a' briseadh na teine go raibh siad a' teannadh leis a' bhfáinne. Nuair a chonnaic sé iad a' teannadh leis léim sé suas a' simléar. Fuaidh sé isteach insa sciobol a bhí líonta le grám. Rinne sé gráinne dhe fhéin. Thionntuigh an sean-ghabha agus an aon cheann déag guirneóg a bhí aige agus rinne se 12 lachain dobhtha fhéin. Bhí siad ag ithe an ghráin go raibh siad a' teanandh. Léim sé suas agus rinne sé sionnach dhe fhéin agus scuab sé an claigeann do'n dá dhuine déag acu.
- Faisnéiseoir
- Patsaí Ó Ceallacháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Gabha (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Sanúlán, Co. Mhaigh Eo