Scoil: Naomh Eoin, Béal Easa (uimhir rolla 14176)
- Suíomh:
- Ceathrú na Líne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Oide sa chlochar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Béidh cuimhne i gCnoch na Coille go héag ar an lá a ciste óir. Ní i bhfat ó shoin é, acht san mbliadhain 1916. Do roinneadh an talamh ar na daoine 'san mbliadain sin. Fuair daoine talamh a bí i seilbh clann eile ar fead na séadta bliana.
Bhí lánamhain áirithe in-a gcomhnuidhe 'san sraid-bhaile sin, agus fuaireadar talamh ar a raibh seanteach. Lá amháin thosuigheadar ag baint na gcloch amach, agus ag iarraidh an teach do leagadh ar fad. Mac Domhnaill an t-ainm a bhí orra.
Nuair a bhí an teach beagnach leagtha aca fuair duine de mhuinntir Mhic Dhomhnaill féin pota fé lich an dorais, agus é lán d'airgead. Bhí na píosaí airgid mheascaithe lén a cheile. Airgead na(leanann ar an chéad leathanach eile)