Scoil: Naomh Eoin, Béal Easa (uimhir rolla 14176)
- Suíomh:
- Ceathrú na Líne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Oide sa chlochar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Daoine CáileamhlaBhí fear in a chomhnuidhe i Rinn-Áine dárbh ainm Tomás Ó Gallochabhair. Ní raibh faitchíos air róimh éinne agus seo é an chaoi a thaisbeán sé é. Bhí fear in a chomhnuidhe ins an dTurlach dárbh ainm Mac Gearailt agus marbhuigheadh sé gach duine a gheibheadh sé ar a thalamh agus dá gcasadh Cataoileach leis marbhochadh sé é mar bhí fuath aige do na Caitlicidhe. Bhí faitchíos ar gach duine roimhe.
Nuair a chuala Tomás ar an bhfear sin níor stad sé go ndeacha sé go dtí an Turlach agus cas Mac Gearailt leis ar an mbothar. Cuir Tomás fáilte roimhe agus d'fiafruigh Mac Gearailt de cé'n t-ainm a bhí air. "Tomas O Gallochabhair" arsa seisean. "Tá mise ag glaodhach Tomás Caiptin ort" arsa Mac Gearailt.
Tháinig Tomás abhaile annsin agus thosuigh sé ag tarraingt cloch le na capall agus ins an oidhche chuir sé isteach go Sruth Garb é agus ní raibh aon cead aige. D'fhan sé istigh leis an gcapall acht i gcionn tamaill tháinig na fir agus ceard a rinne Tomás acht leimt ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Úna Nich Aodha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal Easa, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Ruadháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal Easa, Co. Mhaigh Eo