Scoil: Naomh Eoin, Béal Easa (uimhir rolla 14176)
- Suíomh:
- Ceathrú na Líne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Oide sa chlochar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naomh Eoin, Béal Easa
- XML Leathanach 199
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dá mbeadh pian i d'fhiacal agus dá gcumlochadh tú méar duine mhairbh trí h-uaire air gheobhthá biseach.
Seo bhéarsa le ruaigh a chur ar tinneas fiacal.
Cuaidh Peadar go Srut Fóthanán
Táinig mo Tighearna Dia ós a chionn
Ceard seo ort a Peadair"?
O mo Dhia mo fhiacal atá tinn
Seas suas agus bí slán ní tú amhain acht gach neach.
Déarfaidh mé mo mhionnuigh agus mo mhóide dhuit,
Nach n-aireochfaidh tú aon pian ins an fhiacal sin go bráth
Dá mbeadh tú go dona i do thaoibh agus i do chnámh agus trí greim barrach a chur leis an áit a mbeadh an pian ort agus na focla seo a rádh. "Bean mhín agus fear borb agus Mach Dé na luighe san gcológ. " Beir annsin ar na trí ceiríni agus caith ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Úna Nich Aodha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal Easa, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Ruadháin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann